![]() |
|
|---|
|
![]() |
|
|
|
|
|
| Baile | Nuacht | Doiciméid | Béarla | Cuardaigh |
Fógra Rialtais 14 Deireadh Fómhair 2008Dílárú: Fógraíonn an tAire buntionscadail atá le dul ar aghaidh
Tá athbhreithniú déanta ag an Rialtas ar an gclár um dhílárú, agus sainaithníodh codanna príorachta ar cóir leanúint leo a chur i bhfeidhm ag an am seo. Le comhlíonadh na dtionscadal seo, i dteannta leis an dul chun cinn ata déanta cheana, beidh 6,000 post sa tseirbhís phoiblí lonnaithe i mbreis agus dhá scór ionad lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tá sonraí le fáil i dTábla A atá faoi iamh. Tá cinntí á gcur siar maidir leis an tráth a ndéanfar obair bhreise ar an gcuid eile den chlár go dtí go ndéantar athbhreithniú in 2011 i ndáil le himeachtaí buiséadacha.
Rinne an Rialtas an dul chun cinn a mheas i dtaca leis na nithe seo: acmhainní daonna an chláir, na tiomantais ata déanta cheana, na costais a bhaineann le hábhar, súil na foirne atá sannta cheana do na poist atá á ndílárú, agus ullmhacht ghnó na n-eagraíochtaí chun aistriú go dtí na hionaid nua. De bharr na hoibre seo, tá an Rialtas tar éis na tionscadail i dTábla A a shainaithint mar na cinn a leanfar leo ag an tráth seo.
Tá an Rialtas i ndiaidh cinneadh a dhéanamh go gcuirfear siar obair eile ar na codanna eile den chlár um dhílárú go dtí go ndéanfar athbhreithniú in 2011 i ndáil le himeachtaí buiséadacha. Tá na tionscadail seo breactha i dTábla B. Déanfar clúdach caiteachais chaipitiúil de mhéid suas le €72m a sholáthar in 2009 agus €90m in 2010 chun maoin a fháil d’fhonn na tionscadail a chur ar aghaidh.
Agus an Rialtas ag teacht ar an gcinneadh, chuir siad san áireamh (i) tuarascáil an Ghrúpa Forfheidhmithe um Ghníomhaireachtaí Stáit a Dhílárú, agus (ii) tuairimí an Fho-Ghrúpa d’Ard-Rúnaithe um Fhorfheidhmiú SMI (an Tionscnaimh Bainistíochta Straitéisí).
Tabharfaidh an DIG agus an Roinn Airgeadais tús áite do na socruithe a fheidhmiú chun na tionscadail seo a chur i gcrích. Beidh an Roinn ag obair chun gnéithe éagsúla de na socruithe seo a chur i bhfeidhm, i gcomhairle leis na heagraíochtaí um dhílárú agus le ceardchumainn na seirbhíse poiblí, de réir mar is cuí, ar bhonn gach cás mar ábhar ann féin.
|
| | Ráiteas Príobháideachais | Séanadh | Athúsáid Eolais ón Earnáil Phoiblí | |